Categories
Eucharist

Eucharist in Irish – Sunday 17th March 2024 – 09:15

God has been worshipped in this place through the prayers and praises of countless generations. Worship lies at the heart of our life as Christians and we express our theology and belief through our liturgy. It is through these liturgical patterns of words and actions that we are formed and transformed.

Should you wish to translate this order of service into another language, please choose your language in the bottom right. There is a guest wireless network available within the Cathedral for those without a mobile data connection.

Please note that this service may be live streamed for our online congregation. By participating in this service, you acknowledge that you may be visible or audible. If you are uncomfortable about this possibility, please speak to a steward or verger, who will be able to advise further.

The ministry of Saint Patrick’s Cathedral is made possible entirely through the support of individuals like you. The donations which we receive from people all over the world support our worship and music tradition, education programmes, and community outreach work, as well as contributing towards the vast cost of maintaining this historic building. Should you wish to donate online, please tap the donate button. 

You are invited to say the text in bold in English.

In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh.

Áiméan.

Go raibh an Tiarna libh:

Agus leat féin.

 

A Dhia uilechumhachtaigh,

a bhfuil gach croí ar oscailt romhat, a bhfuil eolas agat ar gach mian, agus nach bhfuil aon rún i bhfolach ort; Glan smaointe ár gcroí le hanáil do Naomhspioraid, ionas go mbeidh grá iomlán gan easpa againn ort, agus go dtabharfaimid a dhíol onóra do d’ainm naofa; trí Chríost ár dTiarna. Áiméan.

 

Éist leis na briathra seo, a dúirt ar Slánaitheoir Íosa Críost linn lena bhéal féin: Gráfaidh tú do Thiarna Dia le do chroí uile, agus le d’anam uile, agus le d’inchinn uile. Sin í an chéad mhóraithne, agus tá an dara móraithne ag cur léi, gráfaidh tú do chomharsa mar thú féin. Tá a bhfuil sa dlí agus sna fáithe uile ag brath ar an dá aithne seo.

 

A Thiarna, dean trócaire orainn, agus scríobh na dlíthe seo agat ar chlár ár gcroí.

 

Déanaimis faoistin bheatha le Dia.

 

(Tost)

A Dhia uilechumhachtaigh,

a Athair na bhflaitheas, admhaímid go bhfuil peaca déanta againn le smaoineamh agus le briathar, le gníomh agus le faillí. Tá fíorbhrón orainn agus aithreachas umhal croí. As ucht do Mhic Íosa Críost, déan trócaire orainn agus tabhair maithiúnas dúinn, agus athnuachan anama lenár mbeatha a leasú chun go méadaítear glóir d’ainm. Áiméan.

Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire oraibh, ós é a thugann maithiúnas do lucht an fhíoraithreachais, go dtuga sé maithiúnas daoibhse, X agus go saora sé sibh ó bhur bpeacaí, go ndaingní sé agus go ndearbhaí sé gach dea-shuáilce ionaibh agus go mbuanaí sé an bheatha shíoraí ionaibh, trí Íosa Críost ár dTiarna. Áiméan.

 

Glóir do Dhia sna harda,

Agus síocháin do phobal Dé ar chlár an talaimh. A Thiarna Dia, a Rí na bhflaitheas, a Dhia uilechumhachtaigh agus a Athair, tugaimid adhradh agus altú duit, agus molaimid thú as ucht do mhórghlóire. A Thiarna Íosa Críost, a Aonmhic an Athar, a Thiarna Dia, a Uain Dé, tusa a thógann peacaí an domhain: déan trócaire orainn; tá tú i do shuí ar dheis an Athar; glac lenár nguí. Óir is tusa amháin an Duine Naofa, is tusa amháin an Tiarna, is tusa amháin an tArd-Dia, a Íosa Críost, mar aon leis an Spiorad Naomh, i nglóir Dé an tAthair. Áiméan.

Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire oraibh, ós é a thugann maithiúnas do lucht an fhíoraithreachais, go dtuga sé maithiúnas daoibhse, X agus go saora sé sibh ó bhur bpeacaí, go ndaingní sé agus go ndearbhaí sé gach dea-shuáilce ionaibh agus go mbuanaí sé an bheatha shíoraí ionaibh, trí Íosa Críost ár dTiarna. Áiméan.

Glóir do Dhia sna harda,

Agus síocháin do phobal Dé ar chlár an talaimh.

A Thiarna Dia, a Rí na bhflaitheas, a Dhia uilechumhachtaigh agus a Athair, tugaimid adhradh agus altú duit, agus molaimid thú as ucht do mhórghlóire.

A Thiarna Íosa Críost, a Aonmhic an Athar, a Thiarna Dia, a Uain Dé, tusa a thógann peacaí an domhain: déan trócaire orainn; tá tú i do shuí ar dheis an Athar; glac lenár nguí.

Óir is tusa amháin an Duine Naofa, is tusa amháin an Tiarna, is tusa amháin an tArd-Dia, a Íosa Críost, mar aon leis an Spiorad Naomh, i nglóir Dé an tAthair. Áiméan.

 

Ortha an Lae

A Dhia uilechumhachtaigh, a thogh le do réamhaire do sheirbhíseach Pádraig mar aspal do mhuintir na hÉireann chun an dream a bhí ar fán i ndorchadas agus in earráid a sheoladh ar an bhfíorsholas agus ar eolas ar do bhriathar: Coimeád sinn sa solas sin ar shlí go raibh an bheatha shíoraí againn; trí Íosa Críost ár dTiarna. Áiméan.

 

An Eipistil

(Suigí)

Tá an Eipistil scríofa sa Dara Litir ó Phól chun na gCorainteach, caibidil 4, ag tosú ag véarsa 1.

Mar sin, ós de bharr trócaire Dé a bhíos an dáil-fhreastal seo againn, ní chaillimid ár misneach. Tá diúltaithe againn do chneamhaireacht faoi cheilt; ní bhímid inár gcleasaithe ag cur bhriathar Dé as a riocht, ach ag léirnochtadh na fírinne ar nós a shásaíos coinsias gach duine i láthair Dé. Agus más ní é go gceiltear ár soiscéal, ní cheiltear é ach ar lucht na láimhe clé. Lucht an díchreidimh iad, ar dhall dia beag an tsaoil seo a n-intinn, ar chaoi nach bhfaigheann siad aon amharc ar sholas shoiscéalghlóir Chríost, íomhá Dé. Ní sinn féin ábhar ár seanmhóra, ach Íosa Críost ina Thiarna oraibh, agus sinne inár seirbhísigh agaibh de gheall ar Íosa.

Mar is é an Dia a dúirt, “Soilsíodh an solas ar an dorchadas,” a las a sholas inár gcroíthe, solas eolais ar ghlóir Dé i ngnúis Íosa Críost.

Ach bíonn an tseoid sin á taisceadh againn i soithigh créafóige, go mba léir nach linne ach le Dia an chumhacht is airde.

Sin é Briathar Dé.

Buíochas le Dia.

 

An Soiscéal                      

(Seasaigi)

Éistigí le Soiscéal ár Slánaitheoir Críost, de réir Eoin, i gcaibidil 4, ag tosú ag véarsa 31.

Glóir duit, a Thiarna Íosa Críost.

Idir an dá linn chuaigh na deisceabail ag agairt air, á rá “A Rabbí, caith bia.” Ach ar seisean leo, “Tá bia le n-ithe agam nach eol daoibhse.” B’shiúd na deisceabail ag fiafraí dá chéile, “Ar thug aon duine bia chuige?” Ach is é a dúirt Íosa, “Is bia dom toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh, agus a obair a chomhlíonadh. Nach deir sibh, ‘Tá ceithre mhí ann go fóill, agus ansin tagann an fómhar’? Deirim libhse, tógaigí bhur súile, agus féachaigí mar atá na cuibhrinn ag gealadh cheana féin le haghaidh an fhómhair.

Faigheann an buanaí a thuarastal, agus cruinníonn sé toradh le haghaidh na beatha síoraí, mar dhúil is go mbeidh an buanaí agus fear curtha an tsíl faoi lúcháir le chéile. Mar is anseo a fhíoraítear an nath, ‘An té a chuir an síol, ní hé a bhainfeas an barr’. Chuir mé amach sibh le barr a bhaint nár oibrigh sibh air; rinne daoine eile an saothar, agus tá sibhse i ndiaidh dul i seilbh a saothairsean.

Seo é Soiscéal an Tiarna.

Moladh duit, a Thiarna Íosa Críost.

 

Cré Nis

Creidimid in aon Dia,

an tAthair, an tUilechumhachtach, a rinne neamh agus talamh, agus gach ní, sofheicthe agus dofheicthe.

 Creidimid in aon Tiarna, Íosa Críost, Aonmhac Dé, atá á ghiniúint sa tsíoraíocht ag an Athair, Dia ó Dhia, Solas ó Sholas, Fíordhia ó Fhíordhia,

a gineadh agus nach ndearnadh, d’aon Substaint leis an Athair. Is trídsean a rinne gach uile ní. Ba leis an chine daonna, ar de sinn, a shlánú a tháinig sé anuas ó neamh. Is tríd an Spiorad Naomh a ioncollaíodh é, i mbroinn na Maighdine Muire, agus a rugadh ina dhuine é. Céasadh ar ár son faoi Phontius Píoláit é; d’fhulaing sé bás, agus adhlacadh é. D’aiséirigh sé an tríú lá ag comhlíonadh na Scrioptúr; chuaigh suas ar neamh agus tá sé ina shuí ar dheasláimh an Athar.

Tiocfaidh sé athuair ina ghlóir le bheith ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh, agus deireadh ní bheidh lena ríocht.

 Creidimid sa Spiorad Naomh, an Tiarna, bronntóir na beatha, a thagann chugainn ón Athair agus ón Mhac. Tugtar adhradh agus glóir dó ar aon nós leis an Athair agus leis an Mhac. Is é a labhair as béal na bhFáithe. Creidimid in aon Naomheaglais chaitliceach aspalda. Admhaímid aon bhaiste chun maithiúnas na bpeacaí. Táimid ag súil le haiséirí na marbh, agus le beatha an tsaoil atá le teacht. Áiméan.

 

Guí an Phobail       

(Téigí ar ghlúin)

Guímis ar son na hEaglaise ar fud an domhan, agus go háirithe in Éirinn; r son …, Ardeaspag Ard Mhacha, Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, agus Déan na hArdteampaill seo; agus ar son aontacht phobal Chríost:

 

A Thiarna, éist linn:

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

 

Guímis ar son a bhfuil i gceannas agus go háirithe ar son … ár nUachtaráin; ar son a bhfuil freagracht an rialtais orthu; agus ar son a n-oibríonn mar mhaithe le síocháin, ceart agus fíréantacht ar fud an domhain:

 

A Thiarna, éist linn:

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Guímis ar son an phobail ina bhfuil muid ag maireachtáil agus ag obair; ar son cuairteoirí go hÉireann; agus ar son na nGael thar lear:

 

A Thiarna, éist linn:

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

 

Guímis ar son a bhfuil breoite i gcorp nó in intinn, agus ar a son siúd a thugann aire dóibh; ar son a bhfuil díth ar leith orthu; agus ar son a bhfuil faoi fhoréigean, ansmacht, nó i gcontúirt:

 

A Thiarna, éist linn:

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

 

Faoi lúcháir chumann na naomhaspal is na mairtíreach, is do shearbhóntaí uile a d’fhág an saol seo i bhfíorchreideamh ionat agus in eagla romhat, cuirimid sinn féin agus a chéile, agus ár mbeatha agus ár saol uile faoi do choimirce, a Thiarna Dia, trínár Slánaitheoir Íosa Críost. Áiméan.

 

 An tSíocháin                      

(Seasaigí)

 Is é a dúirt Íosa, Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile; faoi mar a thug mise grá daoibhse, go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.

 

Go raibh síocháin

an Tiarna libh i gcónaí:

Agus leat féin.

 

An Ofráil

Is leatsa, a Thiarna, an méid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is uaitse gach ní agus is ó do chuid féin a bhronnaimid ort.

 

Tá íobairt déanta de Chríost,

ár n-Uan Cásca, ar ár son:

Bímis mar sin ag comóradh na féile.

 

An tAltú Mór

Go raibh an Tiarna libh:

Agus leat féin.

 

Tógaigí bhur gcroí:

Tógaimid chuig an Tiarna iad.

 

Tugaimis buíochas dár dTiarna Dia:

Is ceart moladh agus buíochas a thabhairt dó.

 

A Athair shíorbheo na gcumhachtaí,

i ngach am agus i ngach áit is ceart agus is cóir moladh agus buíochas a thabhairt duit.

 Chuir tú an soiscéal glórmhar chun na tíre seo trí sheanmóireacht do sheirbhísigh Pádraig. Chuir tú fás agus rath agus bláth ar an tSoiscéal i saol na bhfear agus na mban a bhí líonta de do Spiorad Naomh, ag neartú d’Eaglaise, chun go ndéanfaí an dea-scéal a sheoladh amach a chraobhscaoileadh in áiteanna eile:

Agus mar sin, le pobal Dé uile, agus mar aon le haingil agus le hardaingil, agus le muintir neimhe uile, fógraímid d’ainm mór-ghlórmhar, do do shíormholadh, agus á rá:

Is naofa, naofa, naofa thú, a Thiarna, A Dhia na gcumhachtaí, Líontar neamh agus talamh de do ghlóir. Hósanna sna harda!

Is beannaithe an té a thagann in ainm an Tiarna. Hósanna sna harda!

Is beannaithe thú, a Athair, a chruthaitheoir agus a chothaitheoir na cruinne; rinne tú an duine i d’íomhá féin, mar fhear agus mar bhean a chruthaigh tú sinn; fiú nuair a thiontaigh muid uait, thug tú aire dúinn i gcónaí, agus de do ghrá agus de do thrócaire, d’fhuascail tú sinn ó dhaoirse an pheaca, ag tabhairt uait d’aon Mhac Íosa Críost le nádúr daonna a ghlacadh agus le bás a fhulaingt ar an chros dár gceannach; ba ansin a rinne sé an t-aon íobairt iomlán gan easpa ar son pheacaí an domhain uile; Agus ordaíonn sé dúinn ina Shoiscéal naofa leanúint den ní a chuir sé ar bun, mar atá, buanchuimhne a bháis róluachmhair, nó go dtaga sé chugainn arís.

 Oíche a bhraite ghlac sé arán; agus nuair a thug sé buíochas duit, bhris sé an t-arán, agus thug dá dheisceabail é á rá, Glacaigí, ithigí, Is é seo mo chorp atá á thabhairt ar bhur son; Déanaigí é seo mar chuimhne ormsa.

 Mar an gcéanna i ndiaidh an tsuipéir ghlac sé an chailís; agus nuair a thug sé buíochas duit thug sé dóibh í, á rá, Ólaigí uile é seo, Óir is í seo m’fhuil, fuil an chonartha nua, atá á doirteadh ar bhur son agus ar son na sluaite chun maithiúnas na bpeacaí. Déanaigí é seo, dá mhinice a ólann sibh í, mar chuimhne ormsa.

Dá bhrí sin, a Athair, leis an arán agus leis an chailís seo déanaimid mar a d’ordaigh do Mhac Íosa Críost dúinn:

Tugaimid a pháis agus a bhás chun cuimhne, ceiliúraimid a aiséirí agus a dheascabháil, agus tá súil againn le teacht a ríochta.

Glac trídsean, ár n-ardsagart mór, le híobairt seo an mholta agus an bhuíochais uainn; agus nuair a bhlaisimid na naomh-thíolachtaí seo, deonaigh, trí chumhachtaí Spiorad na beatha, ár n-aontú le chéile i do Naomheaglais, agus ár ndéanamh rannpháirteach i gcorp agus i bhfuil do Mhic, ionas go gcónaímid ann agus go gcónaí sé ionainn:

 Trídsean Íosa Críost ár dTiarna; óir is tríd, agus leis, agus ann, in aontacht an Spioraid Naoimh,

 A thugtar gach onóir agus glóir duitse, a Athair Uilechumhachtaigh,

trí shaol na saol. Áiméan.

 

An Phaidir

Mar a mhúin ár Slánaitheoir Críost dúinn, tá sé de mhisneach againn a rá:

Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d’ainm, go dtaga do ríocht, go ndéantar do thoil, ar talamh mar a dhéantar ar neamh. Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu. Agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhfeichiúna féin. Agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ón olc. Óir is leatsa an ríocht, agus an chumhacht, agus an ghlóir, trí shaol na saol. Áiméan.

 

 Briseadh an Aráin

 An t-arán seo a bhrisimid is cuid agus is comhroinn i gcorp Chríost é.

Dá mhéad sin, is aon chorp sinn, atá rannpháirteach san aon arán.

A Uain Dé, is tú a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.

A Uain Dé, is tú a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.

A Uain Dé, is tú a thógann peacaí an domhain, deonaigh dúinn síocháin.

Is é Íosa Críost Uan Dé a thóg peacaí an domhain. Is méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain.

A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon, ach abairse an focal

agus leigheasfar m’anam.

 

An Chamaoineach

Bíonn fáilte roimh gach éinne ag Bord an Tiarna anseo

 

Iarchomaoineach

Éist linn, a Dhia róthrócairigh, ar son an chuid sin den Eaglais a bhunaigh tú inár dtír trí do sheirbhíseach Pádraig; go raibh greim daingean aici ar an chreideamh a tugadh do na naoimh, agus ag an deireadh go dtuga sí toradh fónta chun na beatha síoraí; trí Íosa Críost ár dTiarna. Áiméan.

 A Dhia uilechumhachtaigh, gabhaimid buíochas leat as ár mbeathú le bia spioradálta chorp agus fhuil do Mhic Íosa Críost. Trídsean toirbhrímid duit sinn féin idir chorp agus anam mar bheo-íobairt. Cuir anois amach sinn agus cumhacht do Spioraid ionainn go mairimid agus go ndéanaimid ár gcuid oibre ar mhodh a mhéadóidh do mholadh agus do ghlóirse. Áiméan.

 

 Beannacht

 Go líona Dia lena ghrásta sibh chun lorg na naomh a leanúint go dílis agus a ghlóir a thabhairt chun torthúlachta, an Dia sin a thug beannacht a Naomheaglaise don tír seo fadó: agus go raibh beannacht Dé uilechumhachtaigh, X an tAthair, an Mac, agus an Spiorad Naomh oraibh is in bhur measc i gcónaí. Áiméan.

 Imígí faoi shíocháin chun grá agus seirbhís a thabhairt don Tiarna:

In ainm Chríost. Áiméan.

Developed by Clark Brydon (Education & Safeguarding Officer).

n.b.: Translations are provided automatically by Google Translate. Saint Patrick’s Cathedral is not responsible for automatically generated content or for content on external websites.

To report a problem or to send feedback and suggestions, please email: education@stpatrickscathedral.ie